Eolas faoi OaC

Printer-friendly version

Comhlacht pobalbhunaithe é Oidhreacht an Chláir (OaC) a bunaíodh le staidéar ar chultúr Chontae an Chláir a chur chun cinn. Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, nach bhfuil scairchaipiteal aici, í. Tugann stiúrthóirí na cuideachta réimse leathan saineolais, buanna agus sainspéiseanna leo chuig an tionscadal. Is oideachasóirí iad cuid mhaith acu, agus táid go léir gníomhach le blianta fada i gcur chun cinn an chultúir, na n-ealaíon, na teanga agus na litríochta traidisiúnta go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Is í aidhm OaC ealaíona traidisiúnta na hÉireann a chothú agus a chur chun cinn ina dtimpeallacht dhúchasach. Leis an aidhm a chur i gcrích, tá i gceist:

· bunú institiúide um oideachas i gcultúr traidisiúnta an Chláir a bheas dírithe go príomhdha ar earnálacha an ardoideachais agus na foghlama ar feadh an tsaoil

· cartlann agus leabharlann bhuan, a mbeidh fáil go héasca orthu, a sholáthar d’ábhar a bhaineann leis na healaíona traidisiúnta go ginearálta agus, go háirithe, den raidhse ábhair a bhaineann leis an gceantar seo

· ionad léirithe agus áiseanna gaolmhara a sholáthar.

Is den bhunriachtanas é go mbeadh fáil ag cleachtóirí comhaimseartha agus daoine ón áit, araon, chomh maith le mic léinn, ar gach ceann de na trí háiseanna sin thuas.

Ar aghaidh:

Cúlra an Tionscadail...
Pleananna Reatha agus don Todhchaí...
Ag deireadh...
Faisnéis Chorparáideach...