Nuair a tháinig borradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann sna 1960daí, bhain An Clár aitheantas idirnáisiúnta amach mar cheantar fíorthábhachtach ina leantar de thraidisiúin na nglún roimhe seo a sheachadadh go díreach don ghlúin seo. Mar thoradh ar an oidhreacht sin gan bhriseadh, agus toisc an réigiún seo a bheith réasúnta scoite ón gcuid eile den tír, maireann cultúr traidisiúnta anseo nach bhfuil a shárú le fáil ó thaobh saibhris, ilchineálachta agus castachta de. Glactar leis gur dá bharr sin a dtagann cuid mhór daoine a bhfuil an-spéis acu sa chultúr traidisiúnta chuig an gceantar ar cuairt nó chun maireachtála anseo.
Cúis mhór go bhfuil éirithe chomh maith sin le Scoil Samhraidh Willie Clancy ná go n-aithníonn muintir Iarthar an Chláir cé chomh tábhachtach is atá a gcultur traidisiúnta. Bunaíodh an Scoil i Sráid na Cathrach i 1973, agus é mar aidhm aici seachadadh na stíleanna agus an repertoire traidisiúnta do na glúinte ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí atá le teacht a éascú. Gach bliain fostaítear breis agus 180 teagascóirí sa Scoil agus cláraítear breis agus 1500 mac léinn.
Cé gur le linn na seachtaine sin is mó a tharraingíonn cuairteoirí ócáideacha ar an réigiún – breis agus 20,000 diobh, meastar – tá líon na gcleachtóirí agus na mac léinn ó Éirinn agus ó thar lear a thagann ar cuairt chuig an gceantar i rith na bliana ag dul i méid i gcónaí. Faoi láthair, áfach, níl saináiseanna ar bith anseo le staidéar a dhéanamh ar chultúr traidisiúnta an reigiúin nó len é a léirmhíniú nó a chaomhnú.
Is léir ón gcaoi a bhfuil éirithe le Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus freisin le heagrais ar nós Choláiste Ealaíne na Boirne agus an Dámh Chruinne Éireann Ceoil ag Ollscoil Luimnigh, go bhfuil gach cosúlacht ann go n-éireodh go seoigh le tionscadal tríú leibhéil den chineál atá á mholadh anois.