Pleananna Reatha agus don Todhchaí

Printer-friendly version

Mar réamhchéim sula rachfaí i mbun cúrsaí iomlána seimeastair a thairiscint, chuir OaC sraith cúrsaí deireadh seachtaine ar fáil ó Shamhain 2005 go Bealtaine 2006, a bhí  dírithe go príomhdha ar rannpháirtithe ó Éirinn.  D’fhreastail dáréag nó níos mó ar gach cúrsa díobh agus mheas gach éinne gur éirigh thar barr leo.
 
•         SCOIL SAMHRAIDH
Cuireadh plean i gcrích chun scoil samhraidh, dírithe ar lucht freastail idirnáisiúnta, a reachtáil i Iúil 2006, ach ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis, de bharr easba airgeadais chun an scoil a mhargú thar lear. Dheonaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an creidiúnú acadúil i leith na scoile, agus maireann an socrú sin againn leis an Ollscoil go fóill.
 
 
•         CÚRSAÍ IOMLÁNA SEIMEASTAIR
Táthar ag súil gur togra inmharthana a bheadh ann cúrsaí iomlána seimeastair ag leibhéal bunchéime a thairiscint do mhic léinn ó thar lear nuair a bheas athchóiriú déanta ar an bhfoirgneamh anseo..
 
 
 
•         TAIGHDE IARCHÉIME
Mórchartlann dá leithéid a bheith ar fáil anseo i dteannta le  hinstitiúid oideachais, ba chóir go dtarraingeoidís idir thaighdeoirí agus mhic léinn iarchéime anseo.  Beidh de bhuntáiste aige sin, ní hamháin go gcuirfidh na cuairteoirí sin leis an gcorpas saineolais acadúil ar thraidisiúin na hÉireann, ach freisin go mbainfidh na fochéimithe leas as a gcaidreamh le scoláirí dá leithéid sa timpeallacht staidéir fhoirmiúil agus ar an gcampas go ginearálta.