Ag Deireadh

Printer-friendly version

Cé go bhfuil roinnt institiúidí tríú leibhéal in Éirinn a thairgíonn cúrsaí i staidéir chultúrtha, níl ceann ar bith a oibríonn ó laistigh de phobal ar leith agus a d’fhéadfadh sainstaidéir i gcultúr an phobail sin a thairiscint.  Ligfidh bunfhealsúnacht uathúil agus nuálach OaC don mhac léinn léargas níos doimhne a fháil ar an gcleachtas cultúrtha/traidisiúnta i gcoitinne trína bheith ag oibriú ó shamplaí nithiúla na dúiche seo i dtús báire. 

Mar atá curtha i bhfios go láidir, is ceantar é An Clár a bhfuil tábhacht speisialta ag roinnt leis dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchasach na hÉireann.  Is léir doimhneas agus inmharthanacht na spéise seo ón gcaoi a bhfuil éirithe chomh maith sin le Scoil Samhraidh Willie Clancy, atá á reachtáil gan bhriseadh ó 1973 i leith, agus ó Fhéile Amhránaíochta Traidisiúnta an Chláir.