Faisnéis Chorparáideach

Printer-friendly version

Is cuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta, nach bhfuil scairchaipiteal aici, í Oidhreacht an Chláir Teo.

Cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí – Uimh. 401175.
Is Carthanas cláraithe in Éirinn í OaC – Uimh. 17918.

BAINISTÍOCHT:

Harry Hughes*
Cathaoirleach
Iar-Leas-Phríomhoide agus Cartlannaí (ar scor anois) ag Meánscoil Sheosaimh, Rinn na Spáinneach; Stiúrthóir Riaracháin ar Scoil Samhraidh Willie Clancy; Eagarthóir Bunaidh ar an Iris Dal gCais.

Dónal De Barra*
Rúnaí
Cuntasóir Cairte (1972); feirmeoir; spéis aige i gceol, bealoideas agus stair na  hÉireann.  Leas-Chathaoirleach ar an Old Kilfarboy Society (Cumann staire áitiúla.); ball bunaidh de Chlub Amhránaíochta Góilín, Baile Átha Cliath.
 

Anne Clune*
Iar-Léachtóir Sinsearach (ar scor anois) le Litríocht an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.  Ball den Choiste Stiúrtha um Fhorbairt an Ardoideachais sa Todhchaí, arna bhunú ag an Údarás um Ardoideachas; iar-uachtarán de Chónaidhm Éireannach  na Múinteoirí Ollscoile. Príomh-spéis: Litríocht Bhéarla na hÉireann.

 

Tomás Ryan*
Saol gairmiúil caite aige sa Rialtas Áitiúil.  Iar-Chléireach Baile, Comhairle Baile na hInse.  Ball den choiste forbartha i leith an Tionscadail um Ionad Pobail nua i Sráid na Cathrach. 

 

Barry Taylor*
Iar-Cheann Cúnta (ar scor anois), School of Educational Innovation, City of Bath College, UK. Ceoltóir (fidil agus consairtín);scríbhneoir (an leabhar Touchstone for the Tradition: the Willie Clancy Summer School ina measc); spéiseanna taighde reatha: traidisiúin cheoil Iarthar an Chláir; bannaí céilí.

 

Seán Malone
Mar dhuine den teaghlach fiontraíoch iomráiteach i Sráid na Cathrach, tá Seán ag leanúint le traidisiún an teaghlaigh sin mar thionscnóirí i ngnó na siamsaíochta. Is ceoltóir é (ar an bhfidil) leis an mbanna Simpletones band. Dílseánach an Market House, ar Phríomhshráid Shráid na Cathrach, é. 

 

Maureen Kilduff
Dílseánach  An Ghiolla Finn, Siopa Bronntanas agus Pointe Eolais do Thurasóirí ar Phríomhshráid Shráid na Cathrach, í.  Is ball coiste í Maureen de Chumann Trádálaithe Shráid na Cathrach. 

Séamus Mac Mathúna
Sráid na Cathrach a áit dúchais.  Is Iar-Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla agus Iar-Rúnaí (ar scor anois) ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Séamus.

*Iad siúd a bhfuil réiltín i ndiaidh a n-ainmneacha is stiúrthóirí Oidhreacht an Chláir Teo. iad.

 

CÁIPÉISÍ:

Memo and Articles of Association

Audited Accounts year ended 30th April 2011
Audited Accounts year ended 30th April 2010
Audited Accounts year ended 30th April 2009
Audited Accounts year ended 30th April 2008
Audited Accounts year ended 30th April 2007